← Seo sliocht as "An Druma Mór" le Seosamh Mac Grianna (Oifig an tSoláthair, 1969). 🔊✎
← D'fhág a mac, Proinsias, an teach agus é ina pháiste óg chun dul ag obair i dTír Eoghain agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hAlbain mar a raibh go leor de mhuintir Thír Chonaill roimhe. 🔊✎
← Léiríonn an giota seo an brú a bhí ar dhaoine Béarla a fhoghlaim agus mar a bhí an sean agus an nua ag bualadh le chéile. 🔊✎
← Ach níor smaoinigh sé gur air féin a bheadh Beagaide ag caint má b'fhada an oíche. 🔊
← Ach bhí an léann sa dúchas ag bunadh Sheáin Eoin, bhí a ngarathair ábalta an sean-Teagasc Críostaí a léamh. 🔊✎
← An bhfuil an gasúr fá bhaile?" 🔊✎
← Ba bheag ba lú le Donnchadh ná an scairt sin. 🔊✎
← Bhí neart léinn aige, den chineál a bhí ar fáil ar an scoil. 🔊✎
← I mBéarla a scríobhadh muintir Ros Cuain a gcuid litreacha uilig - agus bhí cuid Gaeilge Bheagaide chomh hachrannach agus nach dtiocfadh leis an ghasúr Béarla a chur uirthi. 🔊✎
← Agus i dtaca le paipéar na ngearrthach de, bhíodh an oiread mionphrionta agus a oiread uimhreacha air, agus bhí sé chomh "hoifigiúil" sin, agus go bhfágfadh sé an gasúr bocht ina dhobhrán dhall. 🔊
← "Beannú air," a deireadh sí nuair a thigeadh sé chun an tí, "nach é atá ag éirí mór? 🔊
← Nuair a d'inseodh sí dó go raibh pian i gcnámh an smiolgadáin aici ní bheadh a fhios aige faoi Dhia goidé ba chóir dó a chur síos. 🔊✎
← "Go gcumhdaí Dia thú, agus an fad sin de thinneas bliana ná raibh ort. 🔊✎
← A Thiarna, míle altú duit, nach deas an rud an fhoghlaim!" 🔊✎
← Tharraingíodh sí amach bosca an tsnaoisín agus cuireadh sí thart é agus níodh sí tamall comhrá, agus b'fhéidir go n-inseodh sí scéal nó go n-abródh sí amhrán. 🔊✎
← Bhí guth maith aici, agus ba dheas le muintir Sheáin Eoin a bheith ag éisteacht léi ag rá Mal Dubh an Ghleanna... 🔊
← Agus nuair a thosaíodh sí ar Chonchúr an Dá Chaorach, nó ar Scéal Níon Rí na Binne Brice, shuíodh na páistí agus gan bogadh iontu ach ag tabhairt cluaise di. 🔊